Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 241

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 241

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 241
  3. XML “An Gobán Saor”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus gan a theacht fríd na cuibrinn, gan duine ar bith a bheith léith, agus gan í a beith léithe fhéin.
    Thainig sise ag clap-sholas, agus shiubhail sí i ndío an bhealaigh mhóir agus ní raibh duine ar bith leithe acht madadh, agus is mar sin a chuaidh sí fhad le teach Ghobáin.
    Seachtmhain ina dhiaidh sin pósadh mac Ghabáin agus an cailín óg. Fa chionn tamaill thainig sgéal anall as Albain ag iarraidh ar an t-saor agus ar a mhac a ghabhail anon go ndeánfadh siad caislean do fear uasal a bhí ann.
    Sul ar imthigh siad d’iarr bean an mhic ortha a bheith mór le cailíní an caisleáin agus nar bh’eagal dobhtha contabhairt ar bith. Fhad agus bhí Gobán agus a mhac i n-Albain coinnigh siad mór le cailíní an chaisleáin.
    Bhí bród mór ar an fhear uasal as an chaisleán a bhí deánta do agus leag sé amach na saorthaí a chur ‘un báis sa dóigh nach ndeánfadh siad aon caislean go deo ionchurtha leis. D’innis an fear uasal do n-a mhnaoi fa’n rún a bhí aige, acht d’iarr sé uirthí gan é a innse do dhuine ar bith. Bhí truaighe ag an mhnaoi a leithéid de bhuachaill bhreagh a chur ‘un báis, agus d’innis sí do duine de na seirbhisí é. Chuaidh an rún ó dhuine go duine de na seirbhísí, go dtí fa dheireadh go bhuair mac an t-saoir fios ar an rún. D’innis sé do na athair é acht ní raibh a fhios ag n-a athair goidé b'fearr dobhtha a dheanamh. Bhuail smaoitiú é fa dheireadh. Tráthnóna an lae sin tainic an fear uasal fad leis, agus chuir ceist air an raibh an caislean chriochnuighte.
    Dubhairt an saor go raibh, acht ma bhí, nach raibh sé gan locht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Gobán Saor (~181)
    Innéacs seanscéalta
    AT0875: The Clever Peasant Girl
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Dómhnall Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Antóin Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Dhún na nGall