Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 270

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 270

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 270
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí gasúr ann uair amháin agus ní rabh deirbsiúir nó dearbhrathair aige agus bhí a athair marbh ó bhí seisean ina leanbh, ní rabh aige ach a máthair.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    udaidh tá crúba uirthí comh fada le claidheamh agus comh gear le crúba cait. Thig leat-sa dul amach anois a troid.”
    Chuaidh an gasúr amach agus níor chuir sé air an culaith leathair ar chor ar bith. Thoisigh an troid. Ní rabh a fhios cia aca a mbéadh an bhuaidh leis. Throid siad ar feadh trí h-uaire a’ chluig agus ní rabh an bhuaidh ag ceachtar aca. Bhí clap-sholas ann agus ní rabh ann ach é go rabh an gasúr ábalta an chailleach a fheiceail bhí sí comh dubh sin.
    Stad siad ó troid agus dubhairt an chailleach go mbéadh sise amuigh ar maidín lá ar na bhárach le h-éirge gréine chuaidh an cailleach isteach ‘ar an lafta agus chuaidh an gasúr isteach ‘un toighe agus fuair sé a shuipéar agus chuaidh sé a luighe. Ar maidín d’éirigh sé agus bhí an chailleach amuigh ar an léana ag fanacht leis. Chuaidh sé síos agus thoisigh an racán. Bhuail an gasúr isteach ins an cloiginn í agus chuir sé mearbhlán ina ceann agus thuit sí.
    Bhuail an gasúr cupla dorn uirthí. D’iarr sí air stad, ach níor stad seisean. Bhua sé uirthí go cionn leath-uaire agus bhí sí ar maochas ina cuid fola aige. Bhí sí marbh. Tháinig sé isteach ‘un an toighe agus chuir
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Bhreathnach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seán Bhreathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    54
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Dhún na nGall