Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 274
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Uair amháin nuair a bhí daoine ag gabhail a throid leis na Fianna, tháinic siad go dtí an teach a raibh Fionn ina chomhnuidhe ann, ach bhí siad uilig ar shiubhal ach bean Fhinn agus Óisín.”
Uair amháin nuair a bhí daoine ag gabhail a throid leis na Fianna, tháinic siad go dtí an teach a raibh Fionn ina chomhnuidhe ann, ach bhí siad uilig ar shiubhal ach bean Fhinn agus Óisín. Chuir sise Oisín isteach i gcliabhán ag ligint uirthí fhéin go rabh sé ina leanbh.
“Tá, an ghaoth ins an doras againn” arsa sise “ach nuair a thiocfas bunadh an toighe cuirfidh siad an taobh thiar de’n teach ar an taobh thoir”
D’amharc achan fhear aca ar an fhear eile agus arsa siadsan, “Cuirfidh muid fiacháil ar leanbh an atá ins an chliabhán” Chuir duine aca a lámh i mbéal an leinbh ach bhain an leanbh greim a’s agus ní rabh in ach é nar ith sé an méar dó. “Nuair atá an leanbh ábalta sin a dhéanamh caithfidh sé go bhfuil muinntir an toighe atá ar shiubhal ábalta rud ar bith a dhéanamh agus mar sin de a ghaisteacht a mbéidh muid ins an bhaile is amhaidh is fearr dúinn é”
D’imthigh siad léo agus níor stad siad go raibh ins an bhaile i gCúige Uladh agus ní tháinic siad a cur troda ar Fhionn ní bá mhó ar an ádhbhar gur shíl siad nach rabh maith ar bith daobhtha ann nó go bhfuigheadh na Fianna an bhuaidh ar sgor ar bith.
Cúpla bliadhan ina dhiaidh sin bhí Fionn agus Oisín amuigh ag seilg. Nuair a bhí siad ar a’ mbealach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighread Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cruach Phádraig, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cinnéide
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cruach Phádraig, Co. Dhún na nGall