Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 278
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear ar na h-Agallaí am amháin ar bh'ainm do Antóin Dubh. Fear neamh-eaglach a bhí ann agus ghníodh sé morán de rudaí nach mbíodh ciall ar bith leo.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Tamall ina dhiaidh sin chuir Mícheal ceist ar Antóin an raibh eagla air nuair a bhí sé i lár na locha. Dubhairt Antóin nach eagla a bhí air acht fearg, nuair a chonnaic sé na mná amuigh ag guidhe. “Nuair a bhí mé ar an taobh i bhfos," arsa seisean, bhí mé ag brath pilleadh anonn aráis go dtí an taobh thall.”
Ina dhiadh sin d’imthigh Antóin leis ó na bhaile fhéin agus chuaidh sé ó bhaile go baile mar bhéadh fear bocht ann. Fear a bhí ann fosta nach raibh uaigneas le cur air, agus i iomda uair a d’fhiach daoine le scannradh a bhaint as ins an oidhche acht ní rabh gar an
Oidhche amháin bhí fear as an Áirdmhín ag teacht aniar ag bealach mór Chró-Phádraic agus mhothuigh sé Antóin ag teacht ina dhiaidh agus luigh sé trasna an bealaigh mhóir le scrannadh a bhaint as. Thainic Antóin fad leis agus bhruigh sé le bárr a bhata agus chrom sé síos go bhfeicfheadh sé an raibh boladh uisce beatha as acht ní raibh.
Dubhairt Antóin leis an fhear a bhí
luighe nach raibh sé acht mar gheall ar eisean a scrannradh. Thóg sé an bata in áirde agus go díreach bhí sé ag brath é a tharraingt trasna na cloigne ar an fhear a bhí ina luighe, nuair a rothluigh seiean giota uaidh agus thara reatha a fuair sé ar siubhal gan Antóin é a mharbhadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Dómhnall Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Antóin Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall