Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 318
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear agus bean ann am amháin agus bhí triúr mac aca. Nuair nach raibh na mic acht óg fuair a n-athair bás agus fa chionn tamail fuair an mhathair bás. Tarla go raibh an mhathair muinnteardha do'n rí agus thug an rí leis na mic.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Sgéalaidhe: Antóin Breatnach, Áirdmhín.
Scríobhnóir: Dómhnall Breatnach, Áirdmhín.Scéal
“Bhí sagart ann aon uair amháin agus bhí sé ag gabhal chuig duine tinn. I lár na h-oidhche a bhí ann, agus bhí sé ag marcuidheacht ar chapall.”
Bhí sagart ann aon uair amháin agus bhí sé ag gabhal chuig duine tinn. I lár na h-oidhche a bhí ann, agus bhí sé ag marcuidheacht ar chapall. Ní shiubhailfeadh an capall ar chor ar bith agus ní rabh a fhios aige goidé a dheánfadh sé. Buaileadh an sagart an capall ach ní rabh gar ann.
Fá dheireadh thainig fear ag iarraidh ar an t-sagart deifre a dheánamh, agus d’iarr an sagart ar an fhear an capall a choinneáil dó, agus choinnigh, agus tháinig an sagart anuas ó'n chapall. Bhí fear ag siubhal ar fad ar thaoibh na láimhe clí agus ba é a bhí ag coinneáil an chapaill ar gcúl. Tháinig teachtaire eile annsin agus dubhairt sé leis an t-sagart deifre a dheánamh, no go rabh an bás ag an fhear a bhí ina luighe. Ba aingeal a bhí ins an fhear a chuidigh leis an t-sagart an capall a choinneáil. Agus bá é an diabhal a bhí ins an fhear a thionntuigh ina uan bán. Thug an sagart amach a leabhar urnaighthe agus thoisigh sé a leigheadh. Chuaidh an sagart ar dhruim an bheathaigh annsin agus d’imthigh sé ag tarraingt ar an teach, agus chuir sé an ola ar an fhear a bhí un na luighe agus níor mhothuigheas iomradh ar an diabhal ón lá sin ní ba mhó.
Sgéalaidhe: Sorcha Ní Dhomhnaill. Áirdmín.- Faisnéiseoir
- Sorcha Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall