Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 324
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Anuas as Tír Eoghain a tháinig sé go Rosaibh Thír Conaill. Ní raibh aon bainfhéis ins na Rosaibh nach mbéadh sé aicí.”
(ar lean ón leathanach roimhe)do le tabhairt chuicí.Scéalaidhe: Seosamh Ac Ruaidhrighe, Leitir Catha, Clochán Liath.Scéal
“Bhí fear ann aon uair amháin agus nuair bhíodh sé réidh le n'a cuid oibre tráthnóna go mall, chaitheadh sé gabhail agus cliabh mónadh a tabhairt isteach.”
Domhnall Ó Dubhthaigh 21.2.38Bhí fear ann aon uair amháin agus nuair bhíodh sé réidh le n'a cuid oibre tráthnóna go mall, chaitheadh sé gabhail agus cliabh mónadh a tabhairt isteach. Ach, lá amháin, nuair a bhí sé ag gabhail fá choinne na mónadh goidé tchídh sé ach caora ag teacht amach as faoi bhán-lic. Sheasuigh sí a amharc ar an fhear. Shiubhail an fear leis agus chuaidh an chaora isteach faoi an lic arais. Gach uile ama da dtaradh an chaora amach a amharc air.
Ach lá amháin chuaidh an fear chuig an t-sagart agus d'innis sé do caidé chonnaic sé. "Do bharamhail," arsa an sagart, "dá-sé an bhfeicfinn an chaora?2
"Leoga tchífeadh duine ar bith í a rachadh amharc uirthi." arsa an fear. Chuir an sagart air a ribín agus chuaidh sé fhéin agus an fear go dtí an áit a rabh an chaora. Tháinig an chaora amach a amharc ar an t-sagart agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Domhnall Ó Dhubhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Dhubhtaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall