Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)idir fir is madaidh, go dtí go rabh siad uilig tuirseach, ach amháin Fionn agus a dhá mhadadh, Bran agus Sceolán. Lean siad an eilit no go rabh siad i lár machaire móire agus an oidhche ag tuitim ortha. Stad an eilit. D’imthigh Bran agus Sceolán fá choinne an eilit a mharbhadh, ach thoisigh an eilit a dheánamh cuideachta leis an dá mhadadh. Bhí iongantas an domhain ar Fhionn nuair a chonnaic sé iad. D’imthigh sé leis ‘un an bhaile agus má bhí iongantas air an chead uair bhí seacht n-oiread air nuair a chonnaic sé an eilit a leanstan agus í ag deánamh spóirt leis na madaidh. Ba é an áit a rabh Fionn in a chomhnuidhe i mBaile Átha Cliath. Ní rabh sé istoigh in a phálas go dtáinig an bhean óg uasal isteach ina dhiaidh agus ní rabh a fhios aige cerbh í fhéin. D’amharc sé uirthí ach níor labhair sé, ach labhair sise agus dubhairt sí gurbh’ ise an eilit a rabh siad in a diaidh agus gur dhiúltaigh sí bheith pósta ar dhuine de na draithibh a bhí i n-Éirinn agus gur cuireadh faoi gheasa eilite í, agus go mbéadh sí mar sin go cionn trí mbliadhan agus gur dhubhairt duin de na seirbhísigh léithe dá dtiocfadh léithe cuairt a thabhairt ar Fhionn Mhac Cumhaill go mbéadh sí in a bean óig uasal aríst. Dubhairt sí gur chaith sí an lá ag rith agus go rabh sí ag rith ar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Anna Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Antoin Ó Ghallcobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall