Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An gluinn sibh mé a chailíní,
Atá réidh 'un bhur bpósta
4
Chan fhuil gnoithe agam 'na mhuilinn,
Is chá raibh mé ariamh ar áithe;
Chan fhachthas ag gabhail 'un coilleadh mé,
A bhaint ádhbhar toighe de admad;
Bainimse mo seal as teach ar bith,
A bhfuigidh mé deánta;
An teach a mbíonn ann anocht,
Ní bhínn ann san oidhche márach.
5
Da bhfuigeann mo dhruim le balla,
Is deas a d'imreochainn cardaí;
Bhuailfinn buille ar mhaistreadh,
Da mbínn mo suidhe go h-árd leis.
Bhainfinn de an measgán,
Agus d'íosfainn é le preataí;
Ach i dtaca le n-a mbaint anois
na h-iarraigidh orm a dheánamh.
6
Shiubhail mé liom ó thír go tír,
le cuideachta agus féastaí;
Ag bainéis, is ceol damha
Is mo h-ata ar chrocadh d'aon taobh
Shéin mé tiún do'n tsean is do'n óg,
Is bhí siad ag damhsa i n-aoinfheacht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dubhgáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77