Scoil: An Mhín Mhór (uimhir rolla 16342)
- Suíomh:
- An Mhín Mhór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraic Ó Breisléain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Mhín Mhór
- XML Leathanach 58
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chorda air agus croch suas ar géafta é agus nuair a thuitfheas an silide as an chorda agus é feochta. Béidh an sleamhnán léasta annsin.
Faithne. i Téidh go dtí tobar nach bhfaca tú riamh roimhe, agus cuimil an tuisge trí h-uaire dó’n fhaithne, agus nuair atá tú ag cuimilt an uisge dó’n fhaithne deán an Chroich Chéasta ort fhéin.
Quingy I Fágh giorrfiadh, Feann e, agus cuir an craiceann taobh an fhionnaidh amuigh ar an sceadaman.
2. Deán Céirín de fhliodh agus cuir ar an sceadaman nimhneach é.
Plucamas. Fágh srian asail. Cuir ar cheann an té atá ag éileamh as an Phlucamas é. Annsin beir greim ar an sréin agus tabhair isteach is amach é trí h-uaire ar dhoras an stábla, sin no duine a rabh an slainneadh céadna ar a athair ‘s ar a mháthair é a threórú trasna díge ar greim sréin.- Bailitheoir
- Mairead Ní Cholla
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Seascann an Róin, Co. Dhún na nGall
- Bailitheoir
- Maire Ní Cholla
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Seascann an Róin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Anna Ní Cholla
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Seascann an Róin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Gallcobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Seascann an Róin, Co. Dhún na nGall