Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an Pápa ag cruinnuighadh airgead le teach pobal a dheánamh agus thug mise míle púnta dó, agus thug sé beudheachas mór damh é fhéin. Agus tá mé cinnte go ndeánfaidh sé Catoliceach dé mo nighean”.
Annsin chuaidh sé amach agus thug órdú dá chuid fear oibre, an long a bh’fearr a bhí aca a fheistuighadh i gcoinne an turais. I gceann seachtmaine bhí shí réidh. Cuireadh lón inntí agus ór agus airgead lé tabhairt do’n Pápa. Chuaidh an Rí, a nighean, Daibhídh agus cuid mhór d’uaisle an oileán isteach inntí. Tóg siad na seólta, thug an chaiptín a aghaidh siar, agus ní raibh sé abhfad gur sroich siad talaimh ag béal an Tadhbair.
Chuaidh siad chuig an Phápa annsin, agus bhaistigh sé an Rí, a nighean, agus na h-uaisle uile go léir. Nuair a bhí siad baistighthe, pósadh Daibhídh agus nighean an Ríogh agus chaith siad mí na meala san lodáil.
Tháinig siad arais na bhaile. Rinneadh [bainféi]? mór, agus fuair achan nduine ar an oileán cuireadh go h-áirighthe Carán agus bruadar.
Bhí searbhfogtaí an ríogh ag cruinniú féol, arán, fíon, agus gach rud eile le n-ithe, a’s le h-ól, a’s gach cearn de’n oileán lé seachtmhain roimhe sin, agus a leithéid de bainféis a bhí ann, bhí leán go deo air.
le nuadh gach bídh
a’s sean gach díghe
i míosa criostail
as i [gcaachabóir]?(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín Doire Thoirc, Co. Dhún na nGall