Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus b’fhearr an lá deireannach, no an chead lá.
Nuair a bhí an bhainféis thart chuaidh an lanamhain óg a chomhnuidhe i gcaisleán an ríogh. Nuair a fuair an Rí bás cuireadh an choróin, ar cheann Daibhídh mar nach rabh duine ar bith eile de teaghlach ag an rí.
Mhar Daibhídh i gcoróin ar feadh thrí scór a’s cúig bliadhna, agus nuair a fuair sé bás d’éagchaoin daoine an oileán go léir é, mar ba rí críonna agus riaghaltóir cóir é. Bhí cúigear mac agus triúr nigheanach aige le nighean an Ríogh.
Fríd am chuir a chineadh daoine ar an oileáin uilig. agus tá cúpla bliadhain o shoin. Tháinic fear aca go h-Eirinn. Tá an fearamhlacht agus an spiread ceadna ins an fhear seo a bhí ina gar-athair daibhídh - a d’fág eire sa bliadhain 1623 agus ‘s’é an t-ainm atá air a seo na, Éamonn De Bhalera.- Bailitheoir
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín Doire Thoirc, Co. Dhún na nGall