Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)

Suíomh:
An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Doiminic Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 48

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 48

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Leathanach 48
  3. XML “An Gasúr Gaelach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an Pápa ag cruinnuighadh airgead le teach pobal a dheánamh agus thug mise míle púnta dó, agus thug sé beudheachas mór damh é fhéin. Agus tá mé cinnte go ndeánfaidh sé Catoliceach dé mo nighean”.
    Annsin chuaidh sé amach agus thug órdú dá chuid fear oibre, an long a bh’fearr a bhí aca a fheistuighadh i gcoinne an turais. I gceann seachtmaine bhí shí réidh. Cuireadh lón inntí agus ór agus airgead lé tabhairt do’n Pápa. Chuaidh an Rí, a nighean, Daibhídh agus cuid mhór d’uaisle an oileán isteach inntí. Tóg siad na seólta, thug an chaiptín a aghaidh siar, agus ní raibh sé abhfad gur sroich siad talaimh ag béal an Tadhbair.
    Chuaidh siad chuig an Phápa annsin, agus bhaistigh sé an Rí, a nighean, agus na h-uaisle uile go léir. Nuair a bhí siad baistighthe, pósadh Daibhídh agus nighean an Ríogh agus chaith siad mí na meala san lodáil.
    Tháinig siad arais na bhaile. Rinneadh [bainféi]? mór, agus fuair achan nduine ar an oileán cuireadh go h-áirighthe Carán agus bruadar.
    Bhí searbhfogtaí an ríogh ag cruinniú féol, arán, fíon, agus gach rud eile le n-ithe, a’s le h-ól, a’s gach cearn de’n oileán lé seachtmhain roimhe sin, agus a leithéid de bainféis a bhí ann, bhí leán go deo air.
    le nuadh gach bídh
    a’s sean gach díghe
    i míosa criostail
    as i [gcaachabóir]?
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Domhnall Ó Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    41
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Mín Doire Thoirc, Co. Dhún na nGall