Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cruadhtan agus cruadhtan de'n bhógan, go dreachaidh sruthain
fíor-uisge amach as na clocha agus ni rabh éan ar an domhan
nach dtiocfadh d'amharc ar an troid an lá sin, agus bhain sé
an chean de'n fhathach. Pronnim sin ort a nighean an Rí
arsa seisean, B'Fearrde tú fhéin abhfad arsa sise. D'imthigh
sé leis annsin, agus an beathach a rachfadh an talamh leagadh
an cú é, agus an beathach a rachfadh[?] sa spéir leagadh
an seabhac é.Nuair a tháinig sé na bhaile an oidhthe sin, bhí
sgéala mór fa na choinne, gur marbhadha[?] na fathaigh, agus
go rabh nighean an rí lé pósadh ar an goisgidheach óg seo
lá thar na bharach. Nuair a bhí sé ag imheacht annsin, thug
nighean an Rígh léim air agus bhí an bhróg leithe o na
chois dheis. D'imthigh sé leis a shellg annsin, agus nuair
a thainig an oidhche, tháinig sé na bhaib agus dubhairt an
seanduine leis go rabh baineis i gcaisleán an Rí, agus go rabh
cuireadh ag achan dhuine ann agus go rabh cuireadh aige ann.
Dubhairt sé nach rachad ach goimeadochadh sé an teach go dtigeadh
an t-sean lanamhain arais. Chuaidh siad un na bainse agus
tháinig an cailín óg un tosuigh agus dubhairt nach bhposadh
sí aon fhear go brath ach an fhear a d'foireadh an bhróg seo
do. Bhí achan fhear ag fiachailt leis an bhróg a fhittal ar
fhéin ach ní fhoireadh an bhróg do dhuine ar bith. Dubhairt
an seandhuine go rabh gaisgidheach gasta aige-san sa teach agus
go m'bhféidir gurbh'eisean a rinne an gníomh seo, cuir an Rí
síos fá na choinne, agus tháinig sé aníos, agus d'fóir an bhróg dó.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 83
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín Doire Thoirc, Co. Dhún na nGall