Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sínim ar mó leabhaidh mar a shinim ins an uaigh, ceithre cóirnéal ar mó leabaidh, ceithre h-aingle go rabh ann, Dia go rabh ‘muigh, ‘gais Dia go rabh istoigh. Dia ‘gus críostaidhe fá dtaobh de’n teach a bhfuil mise mó luighe ann. O Dhia ma thig a gach orm, o mhaighdeán Mhuire musgail mé. Angle dé cumhdaigh mé, o Dhia cuimnigh m’anam ort.
Seo an sgéal.
Bhí bhean ag teacht isteach o’n lugán am amháin. Bí bealach fada aicí le dhul, agus bhí na toighthe iongantach gan an t-am seo. Tháinig sí fhad le teach ar thaobh an bhealaigh mhóir, chuaidh sí isteach, agus d’iarr sí loistín na h-oidhche, fuair sí sin.
Nuair a tháinig am luighe, chuaidh an bhean a luighe, agus dubhairt sí an poidir, no chualaidh sí go rabh droch iomradh (leithe) leobhtha. Ba gnath leithe a cuid airgid a choinneal i gcúl a cluaise. Nuair a shíl na fir go rabh sí na codladh, chuaidh siad suas le í a mharbhadha. Bhí ceithre coinn’le lasta ar achan choirnéal de’n leabaidh, tháinig siad anuas arís agus d’innis do’n t-seanbhean é. D’iarr sise ortha gan baint dithe. Nuair a d’éirigh sí ar maidín, chuir an bhean ceist uirtí caidé na paidreacha a deirfeadh sí gabhail al luighe dithe agus d’innis sí sgéal dithe.- Faisnéiseoir
- Maighréad Uí Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 43
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cnoc na gCaorach, Co. Dhún na nGall