Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear agus bean an fadó, agus ní rabh aca ach aon nighean amháin, pósadh í ar fhear de cuid na comharsan. Ní rabh dúil ag t-sean-lanamhain ann agus achan lá ag am itheachain, cá mbéadh dá preata ithte ag fear an toighe go n-eireochadh sé o’n tabhla. Bhí naire ar an stráinsear bheith na suidhe agus d’éireochadh seisean fosta.
D’innis siad do fhear na comharsan coidé bhí siad ag deánamh air, nach bac le sin ar seisean cuirfidh mise o na chuid ailíneacha é. Rachaidh mise a dh’ áirnéal anocht agus leigfhidh mé orm gur bacach atá ionnam, agus iarrfidh mé loistín na h-oidhche. Chuaidh sé a d’áirnéal an oidhche sin, d’iarr sé loistín na h-oidhche agus fuair sé sin.
Luigh sé suas sa chludaighthe agus thoisigh sé a shrón fáigh, nuair a shíl siad-san an boc a bheith na chodladh, dubhairt an t-seanduine, le na bhean, níl musgailte ach muid fhéin anocht, go amach na bhothuigh agus tabhair isteach badhall bainne, Nuair a dubhairt sé sin tharraing an bacach srón mór, agus musgail sé, d’imthigh an bhean amach agus nuair a mheas an bachach i bheith ag teacht isteach chuaidh sé amach, agus casadh an bhean ar ag an doras agus dubhairt, “Tabhair damh anois é” d’ól sé an bhainne agus nuair (aga) a tháinig an bhean, chuir an (bhean) fear ceist úirtí ca rabh an bainne. Dubhairt an bhean nach dtug mé duit é, ag an doras. Cá dtug an seisean.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Maighréad Uí Gallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 43
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cnoc na gCaorach, Co. Dhún na nGall