Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ghoid sé ó'n tsagart. Bhí fear ann fad ó shoin agus bhí sé iongantach greannmhar. Ní bhéadh beó air mar mbéadh sé ag deanamh grinn ar dhuine éighinteacht i gcomhnaidhe. Bhí sé an-mhór le sagart na paraisde agus bhíodh an sagart i dtólamh ag deanamh grinn air.
Lá amháin bhí an fear seo ag gabhail ar faoisidín chuig an t-sagart, agus sul má deachaidh sé ar faoisidín chonnaic sé leab mhór tobaca i bpóca an t-sagairt. Dar leis gur dheas é ghoid. Nuair a tháinic a sheal chuaidh sé isteach chuig an t-sagart ach má chuaidh chan a dheanamh a anama.
Chaith sé é féin ar a ghluine go cráibhtheach ag cosa an t-sagairt agus thoisigh sé a innse a chuid peacaidh, agus dar leat go raibh dólás mór croidh air. Nuair a fuair sé faill ar an t-sagart chuir sé anonn a lámh go fáillthighe agus ghoid an tobac as póca(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Domhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 51
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall