Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 200
- XML “Beirt Iníonach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Beirt Ingheanach.Bhí fear ann fad ó shoin agus sé an obair a bhí aige dhá deanamh ag gréasaidheachta. Bhí sé pósta agus ní raibh aige ach inghean amháin. Nuair a bhí an cailín dhá bhliadhain déag de aois fuair a máthair bás. Máire a bhí mar ainm ar an chailín.
Lá amháin chuir an gréasaidhe Máire 'na bhaile móir le teachtaireacht agus ag teacht arais dithe casadh baintreabhach uirthi a bhí 'na chomhnaidhe sa chomharsanacht agus bhí inghean ag an bheantreabhaigh seo fosta.
D'iarr an bhaintreabhach ar Mháire a rá le na h-athair gur cheart do ise phósadh "agus" ar sise, "má phósann sé mé, bheirfidh mé arán geal agus cácaí milse duitse gach lá agus arán buidhe do mo inghean fhéin.
Chuaidh Máire ‘n-a bhaile agus d’innis sí do n-a h-athair an comhrádh a bhí eadar í fhéin agus an bhaintreabhach. Thug a h-athair bróg duite agus poll uirri.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Róise Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 62
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall