Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tháinic fear beag as bárr Ghaoth Bearra anuas go Rann na Feirsde a cuartughadh mná agus fuair sé sin.
Ins an am sin bhí na corra iongantach fairsing ins an tráigh. Chuaidh ceathrar de theaghlach an toighe amach an oidhche sin agus i gcionn tamaill tháinic siad arais agus péire cliabh leo lán corr.
Bhí scaifte fear leis an fhear a bhí ar lorg na mná agus bhí céig biotailte leo. Dubhairt fear de na fir go raibh an t-am crúth a ainmniughadh don lánamháin. Dubhairt fear an toighe nach raibh crúth ar bith le fághail uadh-san ach más a iarraidh mná a tháinic said go bhfuigheadh siad sin agus míle fáilte.
"Caidé mar bhéas sin?" ars' an fear a labhair.
"Tá mórán spré ag an fear seo. Tá cúig ba déag agus tarbh agus searrach capaill ar sliabh aige."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Anna Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Niall Ó Domhnaill
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall