Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Iascaire Bocht na hÉireann.Bhí iascaire bocht ‘n-a chomhnaidhe i nÉirinn fad ó shoin. Ní’l an lá a rachadh sé amach a iascaireacht nach bhfuigheadh sé beathadhach amháin éisc agus dá mbéadh sé ag iascaireacht ó tiocfadh ball bán ar an lá go clapsholas ní bhfuigheadh sé ach a’n bheathadhach amháin.
Lá amháin chuaidh sé ‘n-a fairrge agus léim cailín deas ruadh a raibh ruball éisc uirrí isteach anns an bhád chuige. Chuir sí ceist air an raibh sé ag deanamh móran saidhbhris ar an iascaireacht. D’innis sé dithe nach bhfuigheadh sé ach beathadhach amháin éisc anns an lá.
“Bhal” ar sise, “ní’l agat ach an currach a chur amach ar an uisce agus léimfidh na héisc iad féin isteach ó seo amach má thabhaireann tú an chead mhac a bhéas agat damh-sa”
Shaoil an t-iascaire bocht nach mbéadh a’n mhac aige a coidhche agus dubhairt sé go dtabhairfeadh agus ó sin amach ní raibh dadaidh le deanamh aige ach an currach a chur ar an uisce agus léim feadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Chrosáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Gráinne Ní Grianna
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 79
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall