School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 100
- XML “An Cailín Aimsire agus an Mhuc”
- XML “An Bhean agus an Scáthán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D'iarr sí ar an uisce an teine a bháthadh mar nach ndóighfeadh an teine an bata, nach mbuailfadh an bata an madadh, nach mbainfeadh an madadh greim as an mhuic, nach dtabharfadh an muc léim an chlaidhe agus nach bhfuigheadh sise na bhaile anocht.
Dubhairt an t-uisce go m'báithfeadh agus fáilte. Thoisigh an t-uisce a bháthadh na teineadh; thoisigh an teine a dóghadh an bhata; thoisigh an bata a bhualadh an madaidh; bhain an madadh greim as druim na muice; thug an mhuc léim an chlaidhe agus fuair an cailín aimsire na bhaile leis an mhuic.Aodh Ó Baoighill Aois 70 bliadhain
Rann na Mónadh Feirmeoir - Bhí fear agus bean na gcomhnuidhe ar an Chraos-Loch fad ó shoin agus ní rabh duine ar bith teaghlaigh acu. San am sin ní rabh fhios caidé an rud scáthán. Mar nach rabh a leithéid ag gabhail san am. Domhnach amháin indiaidh an aifrinn d'imthigh an fear amach 'un tsléibhe ar lorg a chuid caorach. Casadh píosa beag de scáthán air ar a a bhealach. Chrom sé síos, agus thóg sé é. D'amharc sé air agus chonnaic sé a dhealbh féin istigh ann. Cé a(continues on next page)
- Informant
- Pádraic Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 47
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall