School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 132
- XML “Iníonacha Rí an Domhain Thiar agus Mic Rí an Domhain Thoir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chuaidh an fear bocht isteach ins an bhád a rabh an bhean óg ann. Annsin thóg siad na h-ancoirí agus sheol siad go dtí an taoibh eile de'n loch. Nuair a thainic siad i dtír d'imthigh na cailíní ag tarraingt ar an bhaile agus d'imthigh na buachaillí ag tarraingt ar a mbaile fhéin.
D'imthigh an fear bocht ar toiseach. Nuair a shroich sé an caisleán chaith sé de an clóca dearg agus bhain sé an leabaidh amach. Leig sé air go rabh sé na chodhladh ar theacht 'un toighe do na cailíní.
Ar maidin thainic an rí isteach agus chuir sé ceist ar an fhear caidé mar d'éirigh leis. D'innis an fear an sgéal dó ó thús go deireadh ach ní chreidfeadh an rí é. Annsin thaisbeán an fear cupa an óir, brainnse an óir agus brainnse an airgid dó agus ba sin crúthughadh go leor dó. Annsin dubhairt an rí go bhfuigheadh sé a rogha de'n dá chloigeann déag de na ingeanacha le pósadh. Dubhairt an fear go bpósfadh sé an bhean a b'óige. Pósadh iad agus bhí scoith dóigh ortha ó sin amach.- Informant
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Age
- 90
- Address
- Loch na nDeorán, Co. Dhún na nGall