School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 26
- XML “Murchadh Beag agus Murchadh Mór”
- XML “Feidhlimidh na Fidle agus an Sagart”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ghadhair, ruaig an gadhar an fiadh. Shnámh an fiadh an t-uisce. Nigh an t-uisce an chloch. Líomhthaigh an chloch an tuagh agus ghearr an tuagh an tslat. Nuair a bhí an t-slat gearrtha bhí Murchadh Beag na mílte ar shiubhal.Prionnsias Mac Pháidín
Aois 41 bliadhain
Rann na Feirsde
Feirmeóir - Bhí sean fidleóir fá seo fad ó shoin darbh' ainm Feidhlimidh na Fidle. Ní raibh áit comhnuidhe ar bith aige ach oidhche thall agus i bhfus in gach áit. Áit ar bith a mbéadh bainfhéis ná baisteadg bhí Feidhlimidh cinnte a bheith ann, é féin agus a fhideal. Bhí sé ag baint faoi Geimhreadh amháin thuas ag taobh na nGleanntach agus thárlaigh gur pósadh lánamhain as an bhaile ag na thaoibh. Cuireadh sgéala fá choinne Feidhlimidh le seinm ag an chuirm. Ba é an gnás a bhí ann an uair sin nuair a rachadh fear chuig mnaoi bhéadh damhsa ann oidhche na dála agus oidhche na bainse. Nuair a bhí Feidhlimidh ag gabhail na bhaile ar maidin indiaidh na bainse cé casadh air ach an sagart Mac Gloinn. Chuir sé cesit ar Fheidhlimish caidé a t-airgead a fuair sé ar son an dá oidhche. "Innseochaidh mé sin duit" deir Feidhlimidh, "trí phunnta agus dhá scilling déag". Fear...(continues on next page)
- Informant
- Niall Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Age
- 82
- Address
- Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall