School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 28
- XML “Teann, Teann a Ribe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Teann, Teann a Ribe (leagan eile)Bhí fear fad ó shoin na chomhnuidhe ag bun Sliabh Sneachta, é fhéin agus a bhean. Bhí beag beag fód acu agus giota beag talaimh. Nuair a bhí an bárr beag curtha acu san Earrach ní rabh an ghreim bídh acu sa teach. Ní raibh de mhaoin saoghalta acu ach beathach beag capaill agus cú agus seabhac. Rinn siad amach gur bhfearr dóbhtha ghabhail a chruinniú go Féil' Muire agus go mbéadh a gcuid preataí ins an iomair nuair a thiocfadh siad. D'imthigh duine acu soir agus d'imthigh an duine eile siar. Dar leis an fhear lá Féil' Muire go rachadh sé na bhaile agus go gcuirfeadh sé síos teine agus go go mbéadh an bhean aige tráthnóna. Ar theacht dó d'amharc sé isteach sa bhoitheach a rabh an bheathach beag capaill ann. Bhí an bheathach na luighe agus dhá shearrach beaga aige. D'amharc sé isteach ins an áit a rabh an cú na luighe agus bhí dhá choilean beaga aici. Nnuair a thainic sé isteach 'un toighe bhí an bhean na luighe sa leabaidh agus bhí cúpla mac aici. D'fhás nagasúraí aníos go rabh siad na mbeirt mbuachaillí. "Tá mise" arsa fear de na buachaillí "ag imtheacht go saorfaidh mé fortún díbh" Chuir sé an diallaid ar an bheathach agus d'imthigh sé. Lean an cú é. Chuaidh sé isteach i dteach go bhfuigeadh sé a dhinnéar. Ní rabh istigh ach cailín óg agus thuit sí i ngrádh leis. Rinn sí réidh a dhinnéar. Nuair a bhí a chuid déanta...(continues on next page)
- Informant
- Sorcha (Conall) Ní Grianna
- Other names
- Sorcha (Conall) Ní Grianna (local name)
- Sorcha Ní Grianna
- Gender
- Female
- Age
- 67
- Address
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall