School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 56
- XML “Mór na Scamall”
- XML “Iarla Inis Eoghain”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chnuic chuici le sgéala dur imthigh a clann mac agus gur fhág siad í. Chonnaic siad trí longa ag seoladh ar an fharraige an lá sin agus ba deas leo bheith ionnta. D'iarr siad ar an bhean sgéala a thabhairt chuig Mór nach mbéadh said ag buachailleacht gamhna agus géacha agus gur imthigh siad a breathnughadh an tsaoghail. Nuair a chualaidh Mór an sgéala seo chaoin sí uisce a cinn agus rinn a cuid deór sruthán síos i staoibh an chnuic. Chaill sí a bród agus an mórtas. D'imthigh sí leithe i mbéal a cinn agus ní fhacthas í ariamh ní ba mhó.Seosamh Ó Breathnaigh Aois 55 bliadhain
Atha na gCoire - Bhí lánamhain na gcomhnuidhe i n-Innis Eoghain fad ó shoin agus ní rabh acu ach mac amháin. Bhí bóthóg acu amuigh ins an choadhran. Bhí pill ar an bhóthóg as coinne gach lá sa bhliadhain. Teach an Iarla an leas-ainm a bhí ar an bhóthóg. Nuair a bhí an mac ag éirighe aníos na stócach agus é ag gabhail chuig na damhsaidheacha bhí náire air fá'n teach a bhí ag an athair.
Oidhche amháin bhí siad na dtriúr na suide...(continues on next page)