School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 58
- XML “Iarla Inis Eoghain”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Thug an seanduine cogar do'n tseanbhean nach rabh uisce ar bith sa teach agus d'iarr seisean uirthi gabhail amach agus sin innse do'n fhear. Chuaidh sí amach agus d'innis sí do'n fhear nach rabh uisce ar bith sa teach agus go rabh giota fada acu le ghabhail fá choinne an uisce. D'iarr sí air theacht isteach agus ghlan an tseanbhean a lámha ina naprun. Dubhairt sí leis an fhear an chead pholl uisce a chasfaidhe air é a lámha a nighe ann.
Dubhairt an fear go rabh sé ag imtheacht. Nuair a chuaidh sé anonn go Meirioca chuir an fear uasal ceist air caidé an cineal áite a bhí ag an stóchach. Dubhairt an seirbhiseach go brah caisleán aige agus go rabh fuinneóg air as coinne gach lá sa bhliain. Dubhairt sé go bhfuair sé an dinnéar a b'fhearr a fuair sé ariamh agus nach bhfacaidh sé leitheid de chailín freastala ariamh. Chreid an fear uasal é. Pósadh ingean an fhir uasail agus mac an Iarla ar maidin an lá thar na bhárach agus bhí bainfhéis acu a mhair bliain agus lá agus b'fhearr an oidhche dheireannach de'n bhainfhéis na an chead oidhche. Bhí saoghal sona sásta acu ó'n lá sin go dtí lá a mbáis.Iseabal Ní Dhuibheannaigh
Aois 45 bliadhain
Doire na Mainsear- Informant
- Iseabal Ní Duibheannaigh
- Gender
- Female
- Age
- 45
- Address
- Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall