School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 74
- XML “An Rí agus a Thriúr Mac”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ghearradh adhmaid. Fuair sé lón bídh agus d'imthigh sé. Nuair a bhí sé ag gabháil isteach na coilleadh casadh an fear beag dó. D'iarr sé cuid de'n lón ar Pheadar. Thug Peadar sin dó agus fáilte. Shuidh siad síos agus d'ith siad agus d'ól siad a sáith. Nuair a bhí siad réidh dubhairt an fear beag le Peadar go gcaithfeadh sé rud éinteacht thabhairt dó. D'iarr sé air ghabháil go dtí'n crann bhí as a choinne, é a ghearradh anuas agus go bhfuigheadh sé bunachar maith ag bun an chrainn. D'imthigh an fear beag annsin.
Thoisigh Peadar a ghearradh an chrainn. Nuair a bhí an crann gearrtha aife fuair sé gé mór ag a bhun. Bhí lúthgháir mhór air agus d'imthigh sé ag tarraingt ar an bhaile mhór. Nuair a bhí giota siubhalta aige scairt fear leis ag iarraidh cupla cleite as an ghé. D'iarr Peadar air theacht agus cleite thabhairt leis. Thainic sé fhad leis an ghé agus nuair a bhí sé ag tarraingt an chleite aistí ghreamuigh sé do'n ghé.
D'imthigh siad leo agus nuair a bhí siad ag gabháil thart le h-aonach a bhí ann chonnaic fear a bhí na sheasamh le teach iad iagus d'iarr sé ortha theacht anuas. D'imthigh Peadar leis ach lean an fear eile é. Fuair sé greim ar an fhear a bhí greamuighthe do'n ghé agus ghreamuigh sé féin dó fosta. D'éigin dóbhtha leanstan do Pheadar.
Fá chionn tamaillt eile bhí siad ag gabháil...(continues on next page)- Informant
- Domhnall Ó Grianna
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Address
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall