School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 93
- XML “Iascaire na hÉireann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sin agus is fada ó bhí, bhí iascaire na chomhnuidhe i nÉirinn. Bhí a bhean le tógail aige agus bhí dóigh mhaith ortha mar ní rabh an chuid mhór le spárail acu. Lá amháin nuair a bhí an fear amuigh ag iasgaireacht tchidh sé an bád ag tarraingt air. Nuair a thainic an bád had leis labhair an fear a bhí innti leis an iascaire. D'fhiafruigh sé de caidé a bhéarfadh sé dó-san dá líonfadh sé an bád le h-iasc dó. Dubhairt an t-iascaire go dtabharfadh sé gach ar bith dó a d'iarrfadh sé. "Bhal", arsa an fear, "líonfaidh mé an bád de iasc duit má thabharann tú damh an phronntanas a bhéas fá do choinne nuair a rachas tú 'un na bhaile, nuair a bhéas sé dhá bliain déag d'aois". Thoiligh an t-iascaire leis an mhargadh sin. Líon an fear eile an bád annsin agus bhain an t-iascaire a bhaile féin amach.
Nuair a chuaidh sé isteach 'un toighe bhí mac óg fá na choinne. Chuir seo an dubh lúthgáir air ach san am céadna chuir sé buaidhreadh mór fosta air nuair a smaoitigh sé go gcaithfeadh sé scaramhaint leis nuair a bhéadh sé dhá bhliain déag daois. Bhí sé ag smaoiteadh fosta go mb'fhéidir nach bhfeicfeadh sé a choidhche airíst é na dhiaidh sin. Achan lá na diaidh sin bhí sé ag fagháil lán an bháid de iasc. Níor innis sé do na bhean ariamh fán(continues on next page)- Informant
- Proinnsias Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall