School: Dún Lúithche (roll number 16423)

Location:
Dún Lúiche, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Séamas Mac Giollabhrighde
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 211

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 211

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún Lúithche
  2. XML Page 211
  3. XML “An Chéad Chónaí san Áit”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Le feabhas a chur ar ghiollacht talaimh agus ar churaidheacht eadar 1840/50 chuir sé sgoil ar bun faoi an bhórd naisinta – sgol ag baint le curaidheacht agus gnoithe talaimh (Agricultural School) agus deirtear gur chuir sé múinteoir Caitiliceach os cionn na sgoile mar urram do na Caitlicigh a bhí ina an ceanntar.
    Nuair a bhí sé san áit tamall d’éag sé agus ghlac a bhean seilbh na háite.
    Ba é a t-ainm a bhí uirthi an bhean bhacac..
    Bhí cuid mhór daoini ag obair aca ar thuistin agus se pinghine sa lá.
    Ní rabh moran meas ag an bhean bhacac ar na Caitlicigh ba mhaith léithe tabhairt orthu a gcreideamh atharughadh
    Thug sí naoi dteaghlach choimhightheach isteach na h-áite fá choinne na h-Albannaig a mhéudughadh, agus fosta le iad Gaedhil na h-áíte a theagasc ina an creideamh úr.
    Tugadh tighthe daobhtha le baint faobhtha ionntu agus gleus beatha mar a gceudna.
    Thóg sí teampull daobhtha agus teach ministir.
    Thug sí daoine isteach na ghleanna seo leis an creideamh úr a craobhsgaoileadh fríd mhuinntir na h-áite.
    Saoilim gur cuid den Hibernian Bible Society a bhí ionntu.
    Chuaidh fear aca am amháin go baile Gleann Tórnain agus isteach leis i dtigh Aoidh Ui Ghallchobhair.
    D’fosgail sé an leabhar; le miníughadh a dhéanamh ar an teagasc úr.
    Bhuail bean an thige dhá thaobh an leabhair ar a chéile
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Mac Giolla Bhríghde
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Maighread Bean Mhic Gaoith
    Gender
    Female
    Address
    Gleann Tornáin, Co. Dhún na nGall