Scoil: Bun an Inbhir (uimhir rolla 5166)
- Suíomh:
- Bun an Inbhir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Pháidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bun an Inbhir
- XML Leathanach 118
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal 14/11/1938Bhí rí agus banrioghán aon uair amháin agus ní rabh aca ach mac amháin. Fuair an bhanrioghán bás agus phós an rí arais agus bhí clann eile aca. Ní rabh an leas-mháthair ag tabhairt aire ar bith don ghasúr beag seo agus bhí sí ag tabhairt an aire do na clann fhéin.Bhí sé ag buachailleacht amuigh i bpáirc lá amháin agus bhí sé ag buachailleacht tarbh. D'iarr an tarbh air an adharc a bhaint anuas do sin agus go bhfuigheadh sé achan chineál bidh agus didh a rabh a gheobhail air. Bhain an gasúr an adharc anuas don tarbh agus fuair sé achan chineál bidh agus didh dá rabh a dhioghbhail air. Annsin chuir sé an adharc ar an tarbh arís. Bhí an gasúr ag biseadh go maith agus ní rabh a clann sin ag biseadh ar ghor ar bith. Chuaidh sí fad le cailleach na gcearc agus chuir ceist uirthi caidé ba chiall do'n gasúr seo a bheith ag biseadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nábla Ní Giollacomgaill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Padraigh Ó Giollacomgaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Ghlaisigh, Co. Dhún na nGall