Scoil: Bun an Inbhir (uimhir rolla 5166)

Suíomh:
Bun an Inbhir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Pháidín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 98

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 98

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Bun an Inbhir
  2. XML Leathanach 98
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal
    Bhí fear ina comhnuidhe í dToraighe fadó agus bhí sé ‘na chléireach ag sagart a béadh ag rádh Aifrinn amuigh ins na chnuc ar eagla go dtiochfadh na Sasannaigh air agus go muirfeadh siad é. Bá é an t-ainim a bhí ar an chleireac seo Maol Muire cionnus go rabh blagóid air agus gan é ach óg
    Maidín Domhnaigh amháin chonnaic se sgaifte mór daoine thuas ar taobh chnuich san áit ábh gnatach leis an t-sagart a bheith ag rádh an Aifrinn. Rith Maol Muire go dtí an áit agus níor smaontuigh sé culaith an cléirig a chur air. Nuair a bhí an t-Aifreann thart thugh an sagart bata dear buidhe do agus dubhairt sé “tabhair leat an bata seo agus tig leat ceist ar bith a cuir air agus freagharóchaidh sé duit í.” Thug Maol Muire leis an bata agus ag dul na bhaile do connaic sé sgaifte eile daoine agus sagart ina seasamh istig i lár. Chuaidh sé fhad leis an t-sagart agus d’friathal sé an t-Aifreann dó. Nuair a bhí an t-Aifrean thart thaisbhean sé an bata do’n t-sagart.
    D’iarr an sagart air an bhata a caitheam nadh nó gur é an diabhal a tug dó é agus go rabh a anam ceapuighe aige
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ua Fearraide
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Ghlaisigh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Conall Mac Pháidín
    Inscne
    Fireann