Scoil: Bun an Inbhir (uimhir rolla 5166)
- Suíomh:
- Bun an Inbhir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Pháidín
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 147](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1066%2FCBES_1066_147.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 147
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bun an Inbhir
- XML Leathanach 147
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar uaigh thíos ins an roilig. Bhuail sé isteach san blagáid é agus thuit sé marbh. Lean na daoine Éamon annsin agus d’imthigh sé ortha. Chuaidh sé isteach i dteach agus bhí sean bhean agus a beirt mac istigh. D’iarr siad ar Éamon dhul amach agus an tarbh droch-chainte i bhí amuigh san pháirc a thabhairt isteach go marbhadh siad é. Chuaidh Éamon amach agus bhain sé do a chóta, agus chaith sé an cóta ar chreig agus luigh sé féin i gcúl na creige. Nuair a thainic an tarbh an clóca ar an chreig, shaoil sé gur fear a bhí ann agus thug sé iarraidh air. Nuair a bhí an tarbh ag troid leis an chlóca, déirigh Éamon agus steall sé an chloigeann do le na chlaideamh
Thug sé isteach an tarbh annsin agus gheárr siad suas é agus d’ith siad é. Bhí Éamon ag geárradh leis agus saoil an muinntir eile gur a h-ithe a bhí sé. I n-áit sin, bhí croiceann an chapaill faoí na asgail aige agus bhí sé ag cur na feola isteach sa chroiceann. Luigh Éamon siar annsin ins an chathaoir agus dubhairt sé :- “Tá mé féin iongantach lán”. Cuir sé an sgian isteach i gcroiceann an chapaill agus thuith an feoil uilig amach ar an urlár. Dubhairt fear do na mic- “Tá mise iongantach lán fosta agus dá gcuirfeá an sgian sin isteach an mo bholg-sa fosta agus cuid de’n feoil a leigin amach bearfadh se faoiseamh damh”. Cuir Éamon an sgian isteach ina bolg agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- E. Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Éadaigh
- Seoladh
- An Ghlaisigh, Co. Dhún na nGall