Scoil: Doire Beag (uimhir rolla 14503)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Sibéal Ní Ghallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leagaint ar an liobar.
Fatharnán, learcán mín tá siad maith fa choinne 'acha'n chineal tinnis. Caithfear iad a bhruith agus an subh a ól.
Slánlus agus buglus tá siad maith fa choinne gearraidheach. Caithfear iad a bhrugh agus iad a leagaint ar an ghearradh.
Cúfraigh tá sé maith ag gortaigheacha. Caithfear é a bhrugh agus é a leagaint ar an ghortadh.
Gruagach tobair tá sé maith fa choinne aicid na ndubhán. Caithfear é a bhruith agus an subh a ól.
Ceamrogaí tá siad maith da choinne casachtaigh. Caithfear iad a bhruith agus an subh a ól.
Bara brioscáin, learcán garbh, agus suilíní buidhe. Tá siad maith fa choinne tinnis a bhéadh ar eallach. Caithfear iad a bhruith agus an subh an thabhairt daobhtha le h-ól
Ruideogach tá sé maith fa choinne sleamhnáin a bhéadh a shúl. Caithfear an bárr a dhóghadh agus é a leagaint as an t-súil.
Luibh an chaithte tá sé maith fa choinne(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peigí Ní Ghiolla Bhríghde
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ard na gCeapairí, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Eoin Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ard na gCeapairí, Co. Dhún na nGall