Scoil: Doire Beag (uimhir rolla 14503)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Sibéal Ní Ghallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Beag
- XML Leathanach 298
- XML “Paróiste Ghaoth Dobhair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(ó leathannach 86)
agus duine ag dul siar agus tcídh an Rí ma’s é an chóir”. D’freaghar an sagart “chan sin mar [tá]? acht fear ag dul síos agus fear ag dul suas agus tcídh an Rí ma’s é chóir”.
Nuair a chuala mháthair caidé ma rinne Dónal Gorm bhí a croidhe cráidhte. Arsa sise “Till till a ruán, till a ruán Ó, mo bheannacht duit i n-am ar [bpill]? ar ndóighe duine gan dóigh tú, is d’imthigh tú”.
Phós Dónal Gorm agus bhí teaghlach aite. Nuair a bhí sé ag dul un aosdacht bhuail breoidhteacht é agus bhí sé tamall fada ‘na luige tinn. Ba mhaith leis an t-sagart dul a’ amharc air acht bhí fhios aige nach mbéadh an bhean agus an teaghlach sásta. Nuair a bhí Dónal ag dul sa deidheannach chuaidh an sagart lá amháin go dtí fuinneóg ‘an t-seomra an raibh an ministir ‘na luighe ann. Labhair sé leis fríd an fhuinneóig. D’iarr air a lámh a chur amach agus go dtabharfadh sé maitheamhnas do in gach [?] ar dtearn sé. Sé an freagar a thug Dónal gur bhocht an rud do náire a thabhairt do clann i mbaile Athá Cliath. Nuair a bhí an [?] tuirseach ag diospáireacht leis arsa seisean, [“Tairt]? mo chuid fhéin do dhiabhail Ifrinn duit”, agus [d’innis]? leis. Fuair an ministir bás.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 1397225
- Faisnéiseoir
- Mháighread Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Machaire Chlochair, Co. Dhún na nGall