Scoil: Doire Beag (uimhir rolla 14503)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Sibéal Ní Ghallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Beag
- XML Leathanach 305
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Oíche amháin . . .”
(ar lean ón leathanach roimhe)[-](gan teideal)
“Níl oiread lucht súil . . .”
Níl oiread lucht siubhal ag gabhail thart fríd na toighthibh anois a’s bhí fad ó shoin. Bhí fear ag gabhail thart darb’ ainm Mícheal Chordáin agus ba ghnáthach leis fanacht i dtoighthe ar feadh seachtmhaine. Rachadh sé go toighthe eile, agus ní fhanochadh sé annsin acht cupla lá. Bhéadh na daoine tuirseach leis. Oidhche amháin chuaidh sé go dtí teach, agus chuaidh sé isteach. Ní raibh áit ar bith ag an mhnaoi le é a chongbhail. Bhí sciobal aicí. Chuir sí ceist air an luighfeadh sé ‘san sciobal. Dubhairt sé go luighfeadh sé ann da mbéadh sé chomh glan leis an teach. Thaisbean sí do an sciobal. Bhí rud beag cocháin fhluich i lár an urlár, agus dubhairt sé nach rachadh sé isteach ann. D’imthigh sé agus sgairt sé léithe, “A Mháire an sciobail shalaigh, chuir tú mise chun bhealaigh”.
Dheánfadh sé ramhais fa dtaobh de dhuine ar bith nach gconghbhothadh é.
Bhí bean as Machire - An - Chlochair darb’ ainm Máire Aodha, agus ní chonghbhochadh sí é. Dubhairt sé léithe, “Máire Aodha an droch - chroidhe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 1397225
- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Giolla Bhríghde