Scoil: Doire Beag (uimhir rolla 14503)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Sibéal Ní Ghallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Beag
- XML Leathanach 335
- XML “Oisín i dTír na nÓg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)“Tá” arsa ‘n buachaill, “bhí sruth ar dhá thaoibh do ghéill a chuirfeadh thart roch muilinn”. “Maith go leór,” arsa Oisín, “acht go beith gur innis tú an fhírinne ní bhéadh an scéal sin le h-innse go bráth arís agat”.
Ba é an creideamh a bhí ag na Fianna ‘le fírinne agus le treise lámh a thig muid slán as gach gleo’
Bhí Oisín tamall eile beo ag Naomh Pádraig. Bhí siad tuirseach leis mar bhí sé doiligh chothú’. Lá amháin dubhairt sé le Naomh Pádraig ó tharla go raibh cumhacht aige Ifreann a thaisbean do, go nglacfadh sé leis an bhaisteadh, agus go gcreidfeadh sé ins an Dia fíor. Bhaist Naomh Pádraig é annsin, agus nuair a bhí sé ag urnaighe, chuaidh bárr a bhachaill fríd chois Oisín. Ní leig sé dadaidh air. D’fulaing sé an phian, mar shíl sé gur pairt de’n bhaisteadh é. Nuair a thug an Naomh fa dear go raibh an bhachall fríd chois Oisín, agus nár éiligh sé pian, shil na deora leis. Deirtear gur sin na deora a bhaist Oisín. Gan mhoill ‘na dhiaidh seo fuair Oisín bás.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 1397225
- Faisnéiseoir
- Mháirghead Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Machaire Chlochair, Co. Dhún na nGall