School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)
- Location:
- Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Seosamh Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc an Stolaire
- XML Page 063
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí Éamonn A' Dúbhgain as Oilean Chruite ag dul a dh'áirneál oidhche amháin.”
Bhí Éamonn A' Dúbhgann as Oilean Chruite ag dul a dh'aírnéal oidhche amháin. Oidhche dheas geal réaltógach fa Shamhain abhí ann agus casan uaigneach abhí ann. Bhí sé ag dul thart faoi bheann fa ghiota beag de Bhéal Na Cruite, nuair a mhothuigh sé torman a bhain stad as. Sheasuigh sé a' éisteacht agus chualaidh sé an ceól aba bhinne dar chualaidh sé ariamh. Le sin fhéin thainig trí fhear bheaga bhídeach amach as faoin bhinn agus fuair greim ar Éamonn. "Seó Éamonn A' Dubhgain as an Chruit" arsan triúr aca as béal a chéile agus bheirfidh muid linn go Connachta é.
Tharraing achan dhuine aca buachallán buidhe agus rinn capall dó, chuir siad Éamonn ar chapall aca agus as(continues on next page)- Informant
- Máire Ní g Cionnlaoí
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Address
- An Bun Beag, Co. Dhún na nGall