Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)
- Suíomh:
- Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ainmneacha Áiteacha. (Míniú).Dún-Lúithche—Fadó shoin ariamh bhí Dún ag Lughbhaidh Mac Conn Céadchathach shuas imbhárr Ghaoth-Dóbhair. Tá fóthracha an chaisleán ann go fóill. Sin an fáth a dtugtar "Dún-luithche nó Dún-Lúghbhaidh ar an áit sin.Leabaidh Dhiarmada— Sin lag atá shuas ar thaoibh na h-Eargala agus deirtear gur ghnáthach le Diarmaid agus Graínne codhladh ann nuair abhí an tóir ortha.Lag Na h-Altora— Sin áit atá igCnoc -An-Stolaire agus ba ghnáthach le na sagairt an tAifreann a rádh ann nuair abhí an géarleanumhaint ortha. Bhí an lag seó in áit folaigh agus ba ghnáthach le na daoine adhul ann agus a n-urnaighe a rádh fosta. Ma amharceann tú go géar ar an altóir chloiche thig leat crois a fheiceáil ann.