Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)
- Suíomh:
- Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc an Stolaire
- XML Leathanach 080
- XML “Tomhaistaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tomhaistaí.
C. Cad chuige a bpiocan an chearc an pota.
Fr– Níl sí ábalta é lighe.
--------------------
C - Cad chuige bhfuil an chearc dubh níos bródamhila na an chearc bhán.
Fr– Beireann an chearc dubh ubh bán, ach cha dtig leis an chearc bán ubh dubh a rugaint.
--------------------
C – Chuaidh mé suas an bóthar agus anuas an bóthar agus thug mé liom an bóthar ar mo dhruim.
Fr – Fear agus dreimre an a dhruim.
--------------------
C – Tá sé amuigh agus tá sé istuigh, agus na dhiaidh sin níl sé amuigh nó istuigh.
Fr – Fuinneóg.
--------------------
C – Ceathrar ag ríth, ceathrar ar críth, beirt ar an eolas agus roibín ar deireadh
Fr – Bó na ríth.
--------------------(leanann ar an chéad leathanach eile)