School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)
- Location:
- Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Seosamh Ó Gallchobhair
![The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 113](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1068%2FCBES_1068_113.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 113
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc an Stolaire
- XML Page 113
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“D'imthigh Seumas Mac Suibhne as a bhaile seo go Merioca a shaothradh a choda fad o shoin agus dalta go leor da chineal, táisg nó tuairisge ní bhfuaireas uaidh go ceann fada na dhiaidh sin.”
D'imthigh Seumas Mac Suibhne as an Bhaile seo go Mericea a shaothradh a choda fad o shoin agus dalta go leor da chineal táisg nó tuairisg ní bhfuareas uaidh go ceann fada na dhiaidh sin. Fear garbh rásgonta bhí i Seumas agus ba chuma caide deárfa leis bhí freaghara goirid agus an focal gasta aige fa do choinne i gcomhnuidhe mar sin ní raibh móran dúl ag muinntear na h-áite ann agus ní dheárna siad lá íogantais do nuair nar chur sé scrib de pheann ar pháipear ón lá úd a d'imthigh sé fhéin agus a bhagaiste as a n- amharc Acht ce bith mar bhí sé fa bhaile d'éirigh leis go maith thall agus bhí dornán maith airgid cruinnighthe aige nuair a bhuail an bás é. Ar leabaidh a' bháis dubhairt sé leis an dochtur gur mhaith leis tiomna a dhéanamh agus leitir a sgríobh chuig a mháthair go h-Éirinn. Maith go leor dubhairt an dochtur tá(continues on next page)- Informant
- Máire Ní g Cionnlaoi
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Address
- An Bun Beag, Co. Dhún na nGall