Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)

Suíomh:
Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Fhionnaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 226

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 226

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Chladaigh
  2. XML Leathanach 226
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Tá dáta fada bliadhanta ní rabh mórán comhnuidheacha annseó. Ach bhí fear amháin na chomhnuidhe i Machaire-galthan ar a dtabharfadh siad Mac Giolla Bhrighde.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    go rabh sí giota mait ar shiubhal. Sul ar phill sí mharbhuigh Mac Giolla Bhrighde an tachran. Bhí rud inteacht aige ‘na n-éadan. Nuair a mharbhuigh sé é ní rabh faill aige a dhath a dheánamh acht é shathadh suas ins an toighe sa’ teach. Nuair a tháinig an bhean bhocht isteach ní rabh an tachran le faghail. B’éigin daoithe imtheacht léithe.
    Fá chionn dáta na dhiaidh sin tháinig sagart agus bhí sé ag leigheamh Aifreann ins an teach seó, agus nuair a spréidh sé an chulaith ar an tábla thuit trí dheór fola oirthí. “Rinneadh muirdeir san teach seo” adeir sé. “Ó, ní dhearnadh” arsa Mac Giolla Bhrighde.
    “O, rinneadh cinnte” a dubhairt sé, agus nach séan é. D’innis Mac Giolla Bhrighde annsin goidé bhí deánta agus d’amharc sé suas ins an áit ar chuir sé é agus bhí an tachran na luighe marbh annsin. “Anois” arsa an sagart, “caithfhidh tú an áit seó a fhágail agus roilig a dheánamh dó”
    Sin Roilig Mhachaire Gathlan agus tá sí ann ón lá sin go dtí an lá indiú.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Uí Curráin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Machaire Gathlán, Co. Dhún na nGall