Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Chladaigh
- XML Leathanach 228
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí bean na comhnuidhe thiar in iochtar na Rosaibh uair amháin agus ní rabh aicí ag a' mhac amháin.”
(ar lean ón leathanach roimhe)stad siad go rabh siad thiar in iochtar Chonnachta. Bhí cailín óg annsin eadar dáil agus pósadh agus oidhche mhór damhsa ann. Chuaidh siadsan isteach fríd a’ chuideachta agus bhuail siad boc ar an chailin agus thuit sí sí ‘na cnap i laige i lár an urláir, agus bhí sí leobhtha.
D’imthigh siad agus í leobhtha amach an bealach ceadhna ag tarraingt ar an bhaile. D’fág siad sop intheacht eile thiar in a h-áit. Acht nuair a bhí siad a chomhair an bhaile thiar in iochtar na Rosann dubhairt an Baoghallach, “tá sí tamall ar chúl achan fhear agaibh ó d’fág sibh thiar agus chá dtug sibh damhsa ar chor ar bith í.
D’fiafruigh siad de’n mhaighistir an gcuirfheadh siad ar a chul í tamall agus d’iarr sé ortha í chuir. Nuair a fuair seisean ar a chúl í bhí sé a’ chomhair an bhaile agus ní dhearn sé féin agus í féin a dhath ach léimniú de’n ghearrán agus compáis a gheárradh thart agus níor leig an eagla daobhtha-san a theacht isteach agus eisean istoigh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dubhgáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall