Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tháinig sé ar sgaiste mór fear agus iad ag iarraidh cloch bheag a bhogadh agus gan é ag teacht leó. Bhí iongantas air chomh beag brigh agus bhí ionnta. Chuir sé síos a láimh leis an chloch a thógailt ach bhris an bheilt leis agus thuit sé ‘un talaimh. D’imthigh an t-each bán leis. Chomh luath agus bhuail Oisín an talamh d’éirigh sé na sheanduine chríon chaithte, agus ní rabh ann acht é go rabh sé ábálta siubhal: Bhí sé buaidheartha, brónach agus ní fhaca sé Tír na n-Óg ní ba mhó.
Bhí Naomh Pádruigh in Éirinn san am agus lá amháin casadh é féin agus a chomhluadar ar Oisín agus nuair a chualaidh sé an sgéal iongantach a bhí ag an seanduine dubhairt sé leis go mbaisteóchadh sé é. Rinne sé sin agus fuair Oisín bás ar an bhomaite.- Bailitheoir
- Méadhbha Ní Bhriáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14