Scoil: Oileán Toraighe (uimhir rolla 5164)
- Suíomh:
- Toraigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Oileán Toraighe
- XML Leathanach 307
- XML “An Tiarna Talaimh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí tighearna talamh i dToraighe ar b'ainm do John agus anall as Manchester é. Bhí fear amuigh ar an tír ar b'ainm do Dochtúr Brady agus eisean a bhéadh ag tógal na cíosa do'n tighearna. Bhí an tighearna na chomhnuidhe i Sasain. Caitheadh muinntir Thoraighe £2, S8, d0 á dhíol san bliadhain as fhéar bó. Agus rinn an tighearna mainnir taobh thoir de theach an pobal fá choinne dá bhfuigheadh duine ar bith eallach duine eile istoigh ann a chuid talamh, iad á chuir isteach ins an mhainnir seo, agus an duine ár leis an t-eallach, caitheadh sé airgead a dhíol leis an tighearna
Rinn an tighearna áit eile fá choinne eallach an duine nach mbéadh abálta an cíos á dhíol.
Chuirfheadh an tighearna á chuid ainmhidhe isteach ins an mhainnir seo. Acht an tam a bhí sé déanta, tháinic soillseach an oidhce sin agus leagadh uilig é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann