Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Luinneach
- XML Leathanach 408
- XML “An Lánúin Bhocht”
- XML “Tomhais”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sise seo d'iarr sí air an chomhla a thabhairt leis giota eile nuair a thug sé leis an fhaid sin í. Nuair a chuaidh siad giota fada d'éirigh siad tuirseach agus chuaidh siad suas ar chrann le na sgíste a dhéanamh.
Bhí siad tamall suas ansin nuair a tháinig sgaifte fear thart agus shuidh siad ag bun an chrann. Droch dhaoine a bhí ins na fir seo agus bhí mórán airgid aca. Thosaigh siad a chunntas an airgid. Chaith an fear a bhí shuas ins an crann an chomhla anuas agus mar gur shíl na fir a bhí ag bun an chrainn go rabh an domhan ag tuitim ortha, do sganruigh siad agus d'imthigh siad ag rith. Annsin tháinig an bheirt a bhí suas 'san chrann anuas agus fuair siad an t-airgead uilig. Chuaidh siad 'na bhaile agus bhí siad breágh saidhbhir ón lá sin amach. - Droichead ar loch gan maide gan cloch. Fr: oidhreóg.
Tá sé 'san mhóinfhéar agus ní athruighthear é,
Tá sé 'san abhainn agus ní bháidhthear é;
Tá sé 'san tsiopa agus ní dhíoltar é.
Fr: An Ghrian.(leanann ar an chéad leathanach eile)