Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 539

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 539

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luinneach
  2. XML Leathanach 539
  3. XML “Scéal - An Bhean agus A Mac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    chonnaic sé caisleán mór. Chuaidh sé go dtí an caislean agus ní rabh duine ar bith istoigh ann.
    Bhí cuid mhór éadaigh ann agus chuir sé air culaidh agus bhí sí ag forstan do go maith. Chuir sé an t-eallach chun na bhaile an oidhche sin agus níor lig sé a ghath air féin.
    Dubhairt an maighistir leis an oidhche seo go rabh troid mhór ar an traigh imárach agus go rabh seisean ag dul ann agus d’iarr sé ar an gasúr aire mhaith a thabhairt dó’n eallach, dubhairt an gasúr go dtabharfadh.
    Chuir sé an teallach isteach ins an garramh an lá seo agus chuaidh sé féin go dtí an caislean chuir air culaidh agus thug leis capall agus d’imtigh go dtí an troid.
    Bhí fear ar an tráigh ag fannacht le péist mhór a theacht isteach go dtroidhfeadh se í agus dá muirfear sé í Bhí ingean an Righ le fagháil aige.
    Nuair a táinig an péist isteach sganraigh an fear agus d’imthigh sé na rith. Dubhairt an gasúr go dtroidfeadh seisean í agus toisigh sé, nuair a tháinig an oidhche. Bhí an bhuaidh leis an gasúr. D’imthigh sé go dtí an caislean agus d’fhág sé an capall ann.
    Chuaidh sé chun na bhaile leis an eallach agus níor lig sé a ghath air féin. D’innis an maighistir do fé’an troid agus go maith agus bhí an fear a bhí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    65
    Seoladh
    An Luinnigh, Co. Dhún na nGall