Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 101
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (1) Chuaidh dubh & bán suas an cnoc. D'fhan bán thuas agus tháinig dubh anuas.
Réidhteach - Cearc dubh a bheir uibh bhán san fháir.
(2) Caidé thig le cearch dhubh a dhéanamh nach dtig le cearc bhán a dhéanamh?
Réidhteach: Thig le cearc dubh uibh bhán a bhreith acht ní thig le cearc bhán uibh dhubh a bhreith.
(3) Tá sé comh cruinn le mo dhorn agus chá luigheann sé ar chlár cófra.
Réidhteach - uibh.
(4) Bairille ar an t-sráid & a dhá shúil druidte.
Reidhteach - uibh.
(5)Caidé an rud is glaine no mnaoi ghlain
Réidhteach - uibh.
(6) Caithfidh mé suas é comh geal le sneachta agus tuitfidh sé anuas comh buidhe le h-ór.
Réidhteach - uibh.
(7) Caidé'n rud a bíos ar bharr an uisce agus nach bhfluchtar?
Uibh i dtóin lacha.(leanann ar an chéad leathanach eile)