Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 116
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(102). Tig sé anall i mbád agus théid sé anonn i mála agus níl bliain ar bith nach mbaintear lomairt dó.
Réidhteach
(103) Teachtaire beag o theach go teach as bídh sé amuigh san oidhche.
Réidhteach - cabhsa.
(104)Rith mé 'gus fuair mé é. Chuartaigh mé é a's ní bhfuair mé é. Dá bhfaighinn é chaithfinn uaim é, 'snuair nach bhfuair bhi sé liom.
Réidhteach - dealg.
(105). Thíos annseo chonnaic mé an t-amhas beag deas, scaifte ban óg 'siad a damhsa go mear. hatai gorma's bónas glasa. Dá mbithea 'tómhas go maidin ní thómhaisfeá an cleas.
Réidhteach - líon faoi bhláth.
(106). Tcím é as ní fheicim é. Siúd thuas ar chnoc-an-t-seideám é, luigheann sé sa drúich[?] as ní éirigheann sé gan chuideachta.
Réidhteach - an bás.(leanann ar an chéad leathanach eile)