Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 148
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agam-sa" arsa an triomhadh fear.
"Ceist agam oraibh", arsa an fear a bhi a'caint leo. "Cé agaibh is gaiste?"
"Mise is gaiste" arsa'n chéad mhac.
"Cán tú ach mise", arsa'n dara mac.
"Cán ceachtar agaibh ach mise", ars'an treas mac.
"Caidé an ghaisteacht atá ionnat-sa?" arsan fear leis an fhear a ba sine.
"Da mbíodh teach annsin agus naoi ndorsa air agus é lán préachan tá mé comh luthmhar ar mo chois agus nach ligfinn ceann aca amach as an teach".
"Caidé fá dtaobh duit-se?" ar seisean leis an dara mac.
"Dá mbíodh teach annsin agat agus naoi ndorsa air agus é lán giorrfhiadhacha rachainn comh gasta sin o dhoras go doras nach ligfin ceann aca amach as an teach.
"Agus caidé an ghaisteacht atá ionnat-sa ar seisean leis an treas mac.
Dá dtabhairfeá leat leabaidh chluimhrigh go bárr cnuic lá gaoithe móire agus an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Fuaruisce
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caoldroim Íochtarach, Co. Dhún na nGall