Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 194
- XML “Dubh agus Donn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhi beirt fhear ar an t-sean-bhaile dar b'ainm díobhtha Dubh agus Donn. Dubhairt Dubh le Donn go rabh seisean ag imeacht agus go gcuirfeadh sé sgian sa tobar agus dá mbíodh fuil uirthí choidhche go mbéadh seisean marbh. Chuir sé éan seabhac ar a bhais, coileán cú le n-a chois agus chuaidh sé ar mhuin an chapaill bháin. Nuair a bhi an oidhche ag teacht d'éirigh giorrfiadh amach roimhe agus sgaol sé an coileán cú leis. Nuair a bhíodh an coileán cú ins an lag bhíodh an gciorrfiadh ins an lag agus sin mar bhi gur chaill an coileán cú an giorrfiadh. Cha rabh i bhfad gur éirigh giorrfiadh eile. Sgaoil Dubh an coileán cú leis agus fuair an coileán cú greim ar an ghiorrfhiadh. Chonnaic Dubh solas i bhfad uadh agus tharraing sé air. Chuaidh sé isteach un toighe, fuair sé goblaid agus d'fhea[?] sé an giorrfhiadh. Chá rabh an giorrfhiadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Ghallcobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Éamon O Dubhghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall