Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 229
- XML “Micheal Amaideach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt dearbhrathair ann uair amháin Seán agus Micheal. Bhi Seán an chrionna ar fad amach ach bhi Micheal bocht ar a athrach 'e dóigh. Bhi sé comh muiglidhe sodhantach sin gur tugadh Micheal Amaideach air. Lá amháin dubhairt Seán le Micheal, "A Mhicheail, tá obair an t-séasuir deánta agus tá sé comh maith ag fear againn a bheith ag cosnadh. Is leór fear amháin leis an bhaile a choimhead agus tá mise ag imeacht a shaothrughadh."
Indiaidh comhairle mhaith a chur ar Mhicheal thóg Seán a sheóltai leis agus le coim na h-oidhche thárluigh isteach i dtigh é agus tharla fosta go rabh fear páighe a tasdail uadh fhear an toighe. Chuaidh sé féin agus seán 'un cainnte le n-a chéile agus chuaidh aca margadh a dhéanamh ba é an mhargail a rinne siad Seán obair na h-áite a dhéanamh ar feadh sé mhí agus páighe mhaith fhághail ag deireadh an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus O Mhaoilchiarain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Anna Uí Mhaoilchiarain
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 42
- Seoladh
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall